School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Charraig
- XML Page 471
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann uair amháin agus bhí comhnuidhe an mhaith air.”
(continued from previous page)nuair a tháinic dhá chois anuas an simléar. D'éirigh ó n-a shuipeár agus bheir sé greim ar an dá chois agus chait sé go taobh eile an toighe iad. Annsoin shuidh sé isteach ag a shuipéar araist
Ní luaithe no bhí sé na suidhe gur tháinic colann gan ceann, gan lámha anuas. D'éirigh seisean agus chait sé inns an áit ceadna iad a's chaith se na cosa. Shuidh sé isteach ag a shuipéar arais. Annsoin ní luaithe no bhí n-a shuidhe no tháinic dhá láimh anuas. D'éirigh sé agus chait sé iad ins an áit ceadna agus chait sé na cosa agus an colann.
Shuidh se isteach ag a shuipéar araist
Ní luaithe no bhí sé na suidhe na tháinic an ceann anuas agus dhá péire miotóghai bocsala. D'éirigh sé agus chait sé iad anns an áit céadna ar chait sé na cosa, an colann, agus na lámha.
Shuidh sé araist annsoin agus d'ith sé a suipéar. Nuair a bhí a shuipéar ithte aige labhair an teanga bhí sa ceann leis agus sé an rud a dubhairt sé leis "Cuir an colann ar na cosa agus cuir na lámha anus [!] na gualanacha agus cuir an ceann ar an cholann" Rinne sé sin agus uair(continues on next page)- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Mac Giolla Cearra
- Gender
- Male
- Age
- 23
- Address
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal