School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Charraig
- XML Page 481
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear i Méirica uair amháin agus tháinic sé abhaile.”
(continued from previous page)i bhfad istoigh san stuca go dtáinic buachaill óg thart agus sheas sé taobh amuigh de'n stuca. Ní rabh se i bhfad 'na sheasamh go dtáinic cailín óg thart agus sheas sí ag a thaoib. Toisig siad a seanachas. Arsa an cailín leis an bhuachaill. "Muirfidh me an t-sean dhuine anocht agus fagfaidh mé ar an t-sean peadlarí é agus thig linn a phósadh annsin nuair a bhéidheas an t-sean dhuine curtha" Thug an peadlarí amach an t-séisiúr agus gheárr sé giota amach as an chota an buachalla. Nuair a tháinic banadh an lae d'imhtigh se leis abhaile. Nuair a chuaidh sé abhaile ní leig sé ar dadaí fan bunadh [?] a tháinic fhadh leis an stuca. Annsin ní rabh sé i bhfad go dtáinic lá na cúairte agus bhi an t-sean peadlarí le crochadh agus bhí fhios aigesan go leigfeadh se saor é agus leig. Annsin d'imhtigh sé féin 'un cuairte. Nuair a chuaidh se isteach annsin bhí an cuairt ag dul ar aghaidh Arsa seisean: "A uaisle leigigidh damhsa focal a rádh?" "Leigidh" ars'n breitheamh agus leig Dubhairt an fear annsin nach rabh seisean ach indiaidh teacht Meirica. "'Sé an obair a bhi orm ag díol éadaigh" Chuir se a lámh isteach in a phóca agus amach(continues on next page)- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Fhionngaile
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cróibh, Co. Donegal