School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)feirmeóir cheadhna agus ar máidín lá ar na bhárach chuaidh an bheirt aca amach ag obair agus chuaidh an feirmeóir leóbhtha. Bhí buachaill as Airgeal an fhallsa ach go rabh sé greannamhail. Bhí an dúil ag an feirmeóir bhéith ag eisteacht leis ag innse bréige. D'obair síad go dtí go dtáinig an Lughnasa. Lá amháin smaointigh an feirmeóir go gcuirfheadh sé ceist air fá'n áit mhór bhí ag a athair insan bháile. In dhiaidh am dhinneara chuaidh an feirmeóir amach ina gharrdhaidh agus gheárr sé cáil. Thug sé isteach é agus arsa sise, "an bhfaca tú cáil comh mór le sin ag d'áthair insan bháile." "A bhrallán" arsan buachaill, "chonnaic mé cáil i bhfád níos mó." "Caide'n méid a bhí síad, níos mó nó iad sin." "Innseocaidh mé sin duit," arsan buachaill, "tháinig toirneach anuraidh mí na Lughnasa agus tháinig toirneach agus fearthainn i mí na Shamhna fosta. I mí na Shamhna bhí geafta an ghárrdhaidh foscailte agus chuaidh ceann dé na bológaí isteach. Nuair a bhí an fearthainn thart bhí an méid uisge cruinnighthe ar duilleóg amháin as baithfheadh an bológ" "Bhál tcím" arsan feirmeóir, "níl innte seo ach an plánta" Níor dhubhairt sé morán leis go dtí go dtainig mí na Shamhna. Lá amháin bhí an bheirt buachaill agus an feirmeóir amuigh ag baint bpreataí,(continues on next page)
- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Peilim Ó Dóchartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal