School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí cúig chéad acra aige. Ní rabh agham ach dearbhráthair amháin ach bhí mise i dtólamh gan ráth. D'fhás m'áthair, mó mháthair agus mo dhearbhráthair tuirseach liom agus gheárr m'áthair leath a thalamh damh. Annsin cuir sé suas teach mór agus stábla in dhiaidh. Thug sé céithre beathach chapaill damh agus an uile rud fá choinne talaimh oibre. Thug sé sé bó bháinne damh agus ní rabh leithsgéal ar bith agam nach rabh mé mó comhnuidhe go te. Chuaidh mé leis an dreabhlas go h-iomlán. D'iol mé mó beathaigh chapaill, an t-eallach, agus an t-iomlán agus annsin chuaidh mé go Merica. Nuair a bhí mé bliadhaín ins an dtír sin mur a rábh mé níos measa ní rábh mé níos feárr. Chualaidh m'áthair an dóigh a bhí orm agus scríobh sé fhád liom. Dubhairt se liom go ndiolfhadh sé mó bhealach abhaile. Scríobh mé arais ag iarraidh air dhíol go h-achmar. Rinne sé sin agus nuair a fuair mé an t-airgead tháinig mé agus chuaidh mé isteach i dteach fuair folamh. Fuair m'áthair dhá beathach damh agus in dhiaidh tamaill thug sé seisreach damh agus treabhadh mé fiche acra. Nuair a tháinig an t-am leis an ghráin a chuir síos ní rábh an grán agham nó an pighin a thabhairt ar a shon. Cuir m'áthair dhá tonna coirce fhád liom le chuir insan dtalamh. D'íol mé an coirce agus(continues on next page)
- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Peilim Ó Dóchartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal