School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Charraig
- XML Page 541
- XML “An Fear gan Trócaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar shiubhail ar chor ar bíth. Chuaidh an buachaill go dtí an teach ina rabh an Prodastúin ina chomhnuidhe, chuaidh isteach 'un an bhóthoigh, agus gheárr sé a buadhain a bhí ar an bhó. Nuair a bhí sé a tiomáint í amach ar an doras, chonnaic an buchaill sheirbhíse é. Ríth seisean isteach 'un an toighe, agus d'innis dó a mháighistir an rud a chonnaic sé. Tháinig an Prodastúin amach, a ghunna leis, agus é ag siubhal go státamhail. Sheas an buachaill ag tóin an toighe, agus nuair a tháinig "Fumes" fhad leis, léim sé air, agus leag 'un an talaimh é. Fuair an buachaill an ghunna annsin, agus dubhairt sé dó'n Phrodastúin go gcaithfeadh sé cúpla ghealltanas a dheánamh sul a bhfuigheadh sé an ghunna arais. Annsin d'iarr "Fumes" de, an ghunna a thabhairt arais dó ar son Dé, acht dubhairt an buachaill nach dtabhairfeadh. Annsin rug sé greim ar an ghunna ós chionn an Prodastúin, agus bhagair air na gealltanas a dheánamh. Cheann amháin acu, go gcaithfeadh sé an bó a thabhairt arais dó'n bhean bhocht ar chaill í, agus an cheann eile, nach bhéarfadh sé bó ar bíth as aon Chaitliocach i ndiaidh sin. Dubhairt an tighearna an talaimh, go gcoimhlíonfadh sé na gealltanas sin, acht d'iarr sé ar an buachaill arís an ghunna a thabhairt dó, agus dubhairt seisean nach dtabhairfeadh. Annsin d'iarr sé dé'n Phrodastúin a bhuachaill sheirbhíse a chur chuige ar lá ar na bhárach, agus go dtabhairfeadh sé an ghunna dó. Ar an tráthnóna i ndiaidh sin, tháinig buachaill sheirbhíse an Phrodastúin go teach(continues on next page)
- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ó Gádhra
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal