School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Charraig
- XML Page 574
- XML “Iníon an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an rud a ghabháil a marcaigheacht ar an bó. Léim sé ar a dhruim, ach thoisigh an bó a ríth, agus ní thiocfad leis a fhagháil síos aistí. Ríth an bó léithe go dtí go dtáinig sí fhad le páirc mór a bhí thart fa chaisleán an ríogh. Léim sí thar an chlaidhe a bhí thart fá'n páirc, agus thoisigh sí a ríth fá'n páirc, agus an gasúr ag congbháil greim ar na h-adharca
Bhí inghean an ríogh ag amharc fríd fhuinneóig an chaisleáin, agus nuair a chonnaic sí an gasúr agus é ag scairtigh leig sí aon racht amháin gáire aistí. Ríth an ríogh amach go bfeicfeadh sé cé bhain an gáire aistí. Chonnaic sé ghasúr agus thug isteach an chaisleáin é, agus dubhairt sé dó'n ghasúr go gcaithfeadh sé a inghean a phósadh. Chuaidh an ghasúr abhaile, agus d'innis sé an rud a thárla dó a mhathair, agus ní rabh fhios aici caidé bhí sí gabháil a dheánamh. Ach shíl sí annsin go gcaithfeadh sí a ndicheall a dheánamh nuair a d'orduigh an rí é. Rinne sí a lán arain, agus thoisigh a dheánamh réidh fa choinne an bainse. Mharbhuigh sí trí gé, agus cuir i bpota ar an teinidh iad. Cheannuigh sí barraile mór biotaile, agus chuir sí iad uilig ar shiubháil fa choinne na bainse. Chuaid sí fhad leis an chaisleán annsin leis an rí a fheiceáil, agus le sagart a fhagháil.
D'fhág sí an ghasúr le aire a thabhairt dó'n teach, agus nuair a fuair sé a mhathair ar shiubháil thoisigh sé a amharc thart. Chonnaic sé an pota ar an teinidh. D'amharc sé isteach ann, agus chonnaic sé na géacha. Thug sé giota beag as ceann amháin aca, d'ith sé é, agus shíl sé go rabh sé an maith. Thug sé giota eile annsin, agus giota(continues on next page)- Collector
- Anna Nic Briartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Bogagh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Seagháin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Bogagh, Co. Donegal