Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Bhealaigh
- XML Leathanach 135
- XML “Tobar Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mórán tobar san chonndae seo, agus tá ceann amháin ins na Cealla Beaga. Tá sé ainmnighthe ó "Naomh Cóitlín"
Téidheann mórán daoine fhad leis an tobar seo leis an stáisiún a dhéinimh. Deirtear go bhfuil an chumhacht ag an Naomh seo do dhaoine atá amuigh ar an fhairrge mhóir.
Tá scéal innste fá bhean éigin a chuaidh fhad leis an tobar seo fad ó shoin. Bhí a ingean ar luing ag dul go dtí'n Oileán Úr. San am sin ní raibh na bádaí comh maith agus tá siad anois, mar ní raibh long gaile ar bith ann, agus s'iomadh ceann aca a chuaidh go tóin na fairrge. D'éirigh stoirm mhór agus cuireadh síos an long. Ní raibh duine ar bith sábháilte ach an cailín seo. Deirtear go raibh a máthair ag padaireacht ag an tobar san am ceadna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Éamonn Ua Luig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Stragar, Co. Donegal