School: Mín an Bhealaigh (roll number 15229)
- Location:
- Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Niallghuis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Bhealaigh
- XML Page 139
- XML “Scéal fá Each Uisce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fá thuairim 45 bl. ó shoin, bhí fear ina chomhnuidhe i Mín Geal an Carraidhe san pharóiste Árd a Rátha. Bhí tuile mhór san abhann lá amháin agus bhí sé ag amharc uirthe. Bhí poll an-mhór ins an abhainn áit amháin agus nuair a bhí sé ag amharc tháinig beathach amach as an abhainn. Ní fhacaidh sé an béathach ag teacht amach acht chonnaic sé é ag rith ar bhruach na h-abhna.
bhí sé comh mór le gamhain agus é ag rith anonn agus anall agus a shrón leis an talamh. Chuaidh sé soir na páirce go raibh sé neas de. Nuair a chonnaic an béathach é léim sé isteach san abhainn agus ní fhacaidh sé é ní ba mhó. Bhí sé ag smaoitiughadh gur each uisge a bhí ann a tháinig amach as loch Mhín a Bhealaigh no b'fhéidir aníos ón fhairrge. Níl aon cheann aca le feiceáil anois nó ní fhacaidh duine ar bith ceann aca ó shoin. Bhí cuid de na daoinibh ag rádh gur madadh uisge a bhí ann ach bhí seisean cinnte go raibh(continues on next page)- Informant
- Dómhnaill Ua Breislin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Ghiolla Charraigh, Co. Donegal