School: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson) (roll number 15283)
- Location:
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
- Teacher: Nábla Nic Amhlaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé ag inghilt fá'n roillig. Bhí trí sheirbhiseach ag an t-sagart agus d'iarr se ar fear aca a ghabhail amach agus an capall a thabhairt isteach. Ar ghabhail amach dó chonnaic sé an toirt gheal in-a shuidhe i gcoirneal na roillige agus tháinig sé isteach agus dubhairt go raibh an bhean a chur siad an lá roimhe ré 'na suidhe sa roillig. Dubhairt an sagart nach dtiocfadh le sin a bheith fíor. Chuaidh an dara fear agus an tríomhadh fear amach agus bhí an sgéal céadhna leobhtha-san. Ní chreidfeadh an sagart iad agus thug siad an sagart ar dhruim fir aca amach. Shíl an fear a bhí sa roillig gur a chomrádaidhe a bhí ann agus an molt ar a dhruim leis agus sgairt sé amach "An bhfuil sé leat; an bhfuil sé reamhar". Sgannruigh an fear a rabh an sagart ar a dhruim leis agus chaith sé an sagart ar an talamh agus ar seisean "Tá seo chugat é" agus rith sé na bhaile acht bhí an sagart sa teach roimhe agus ní raibh sé creapalta ní ba mhó.
- Collector
- Nábla Nic Amhlaidhé
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádraig Ó Rabhartaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire na Slua, Co. Donegal