School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 132
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí cailín ar an bhaile am amháin agus Máire bheag a bhí mar ainm uirthí, siocair gur Máire mhór a bhí ar a h-aunt a bhí astoigh 'na comnuidhe aicí fhéin agus ag na muinntir.”
(continued from previous page)D'fhan Máire aige ar scor ar bith ach níl fhios agam caide d'éirigh díthe na dhiaidh sin.
Nodlaig 1935Scéal
“Fad ó shoin nuair a thainic an chead mhuinntir a chomhnuidhe go Leitir-Mhac-a'-Bháird, bhí beirt fhear ina measg ar b'ainm daobhtha Mícheal Ó Baoighill agus Tomas O Gallchobhair.”
Siubhan Ní Dhomhnaill, Leitir Catha, An Clochan Liath, Tírchonaill a d'innis. Tá sí fa thuairim 50 bliadhan d'aois. Chualaidh sí an scéal seo ag n-a hathair.Sgéal
Fad ó shoin nuair a thainic an chead mhuinntir a chomhnuidhe go Leitir-Mhac-a'-Bháird, bhí beirt fhear ina measg ar b'ainm daobhtha Mícheal Ó Baoighill agus Tomas O Gallchobhair. Ins an am, bá ghnáthach an talamh uilig a roinnt ar na daoine, agus tharla sé go raibh cuid talaimh Mhíchil agus cuid Thomais ag críochantacht le n-a chéile. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, d'éirigh na teaghlaigh aníos cosamhail leis na comharsannaigh, ach bhí gasúr ar theaghlach Thomais ar b'ainm do Pádraig, agus fear eile ar theaghlach Mhícil ar b'ainm do Domhnall, agus aindeóin go raibh siad ar sgoil i gcuideachta a chéile. bhíodh siad i gcomhnuidhe ag troid la n-a chéile.
do réir a chéile d'éirigh siad mór, ach ní rabh morán difir annsin, ar an ádhbhar gur éirigh siad-san níos measa da chéile. bhí a muinntir iongantach buidhearta, agus d'fhiach siad ar achan dóigh an diospoireacht a shocrú, ach ní rabh maith ann. Mheas siad go mbéadh bruighean ar dheireadh na diospoireachta.(continues on next page)- Informant
- Siubhan Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- c. 50
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal