School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 210
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí ceathrar mac ann am amhain agus leag siad amach dóbhtha fhéin go rachadh gach fear aca a fhóghluim ceirde.”
Sgéal
Bhí ceathrar mac ann am amhain agus leag siad amach dóbhtha fhéin go rachadh gach fear aca a fhóghluim ceirde. Maidín amháin d’éirigh an cheathrar aca go luath agus d’imthigh siad go dtáinig siad fhad le ceithre chroisbhealach. Sheasuigh siad annsin agus dubhairt an mac a ba sine go mbéadh siad ar shiubhal go cionn bliadhna agus lae. Sgar siad ó na chéile annsin agus chuaidh fear aca soir, fear aca siar, fear aca ó thuaidh agus fear aca ó dheas.
Cha dteachaidh an chead fhear i bhfad gur casadh cearpantóir air a chuir ceist air goidé a bhí a dhith air. Dubhairt an buachaill go raibh sé ar lorg ceirde. “Má tá,” ars an cearpantóir, “tar liom-sa agus dheánfaidh mé an cearpantóir duit is fearr ar an domhan.”
“Maith go leor,” ars an buachaill.
Cha dteachaidh an dara fear i bhfad no gur casadh fear feasa air chuir ceist air an raibh obair a dith air. Dubhairt an buachaill go raibh. “Fan agam-sa,” arsa seisean, “agus dheánfaidh mé an fear feasa duit is fearr ar an domhan.”
Casadh fear gunna ar an tríomhadh fear agus gunna aige. Dubhairt sé leis an bhuachaill fanacht aige-san agus go ndeánfadh sé an fear gunna do a b’fearr amuigh.
“Maith go leor,” ars an buachaill.(continues on next page)- Collector
- Domhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Niall Mac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal