School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 211
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí ceathrar mac ann am amhain agus leag siad amach dóbhtha fhéin go rachadh gach fear aca a fhóghluim ceirde.”
(continued from previous page)“An bhfeiceann tú an uibh atá istoigh faoi’n phreachán thuas ins an chrann.” arsa seisean.
“Tchidhim” ars an buachaill.
“Anois,” arsa seisean, “brisfidh mise an uibh sin agus ní moitheochaidh an preachán mé a briseadh.”
Gaduidhe a casadh do’n ceathramhadh fear agus é ag fiachailt le uibh a baint amach as faoí phreachán gan é eirghe o’n meid. Dubhairt sé leis an bhuachaill fanacht aige-san agus go ndeanfadh sé an gaduidhe de a bfearr amuigh. Dubhairt an buachaill go bfanochadh innte.
Fa chionn bliadhna agus lae thug an cheathrar mac a n-aghaidh ar na crois-bhealaigh an áit a d’fhág siad. Bhí a gaduidhe i bhfad gan a theacht, agus síl an triúr eile gurb’ é an rud a fuair sé bás. Tháinic sé fa dheireadh agus bhí luthghair mhór ortha uilig nuair a d’innis gach duine fa n-a cheird fhéin.
Fa chionn tamaill ina dhiaidh sin fuair fear an fheasa amach go raibh oileán giota fada amach ins an fhairrge, agus go raibh fáthach ina chomhnuidhe ann, agus inghean an Ríogh goidte aige, acht da mbíodh maith ar bith ionnta go bhfuigheadh siad i. Rinne an cearpantóir bád a thug go dtí an t-oilean iad. Chuaidh an gaduidhe go dtí caislean an fháthaigh agus d’fhosgail sé an doras.
Bhí an fáthach ina chodladh ins an chlúdaigh agus inghean an Ríogh ina shuidhe le n-a thaobh.
Thóg sé a lámh ináirde ag iarraidh air an ghaduidhe gan a theacht isteach. Acht thóg an gaduidhe(continues on next page)- Collector
- Domhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Niall Mac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal