School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 212
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí ceathrar mac ann am amhain agus leag siad amach dóbhtha fhéin go rachadh gach fear aca a fhóghluim ceirde.”
(continued from previous page)a lámh ináirde ag iarraidh uirthí gan labhairt, chuaidh sé isteach, thug leis piléar théidh leis an teinidh e agus de réir mar bhí sé ag tarraingt amach na n-inghne bhí sé ag cur an peileir isteach le taobh an fháthaigh, agus fa dheireadh fuair sé an inghean a ghoid ar shiubhal.
Nuair a bhí siad ag teacht arais fuair fear an fheasa amach go raibh an fáthach ag tarraingt ortha ins an aer mar bhéadh cnap teineadh ann agus mura mbéadh fear an gunna ábalta é a sgaoileadh go mbéadh siad uilig báidhte. Sgaoil fear an gunna leis agus marbhuigh sé an fáthach agus ca h-áit ar thuit sé acht anuas i mullach an bháid. Thug an cearpantóir leis a chasúr agus tairnghí agus chuir sé dóigh air arís.
Nuair a chuaidh siad fad le caisleán an Ríogh bhí lúthghair mhór ar a raibh annsin rompa. Acht ní raibh a fhios cé aca de na mic a ba choir an inghean a fhághail le pósadh mar go dtearn gach fear oiread leis an fhear éile, agus fa dheireadh fágadh an ingean ag an mhac a ba shine.Dómhnall Breatnach, Áirdmhín, Clochan Liath, Tír Chonnaill.Sgéalaidhe: Niall Mac Cumhaill, Áirdmhín, Clochan Liath
Aois 65 bliadhanDómhnall Breatnach Áirdmhín a scríobh- Collector
- Domhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Niall Mac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal