School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 298
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí dhá mac déag de teaglach acú. I gcomhnuidhe bíodh an bean ag rádh gur maith léithe ingean a beith acú.”
Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí dhá mac déag de teaglach acú. I gcomhnuidhe bíodh an bean ag rádh gur maith léithe ingean a beith acú. Lá amháin bhí sí thuas ins an t-seomra uachtarach ar an staighre. Bhí sneachta ar an talamh agus bhí a céile fir indiaidh a bheith amuigh ag seilg agus nuair a phill sé ar an bhaile bhí preachán leis.
Chaith sé an preachán ar an talamh i mullach an tsneachta agus bhí a chuid fola ag reachtáil ar an t-sneachta. Bhí an mhathair thuas ins an tseomra bairr agus í ag amharc amach ar an fhuinneóig agus is é an rud a dubhairt sí gur mhaith léithe ingean a bheith aicí a mbéadh pluca uirthí comh dearg le fuil an phreacháin, croiceann comh geal leis an t-sneachta agus
gruaig comh dubh le na chuid cluimhrigh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc ins an bhomaite a rinne sí an smaointeadh sin tháinig(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal