Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 298
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí dhá mac déag de teaglach acú. I gcomhnuidhe bíodh an bean ag rádh gur maith léithe ingean a beith acú.”
Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí dhá mac déag de teaglach acú. I gcomhnuidhe bíodh an bean ag rádh gur maith léithe ingean a beith acú. Lá amháin bhí sí thuas ins an t-seomra uachtarach ar an staighre. Bhí sneachta ar an talamh agus bhí a céile fir indiaidh a bheith amuigh ag seilg agus nuair a phill sé ar an bhaile bhí preachán leis.
Chaith sé an preachán ar an talamh i mullach an tsneachta agus bhí a chuid fola ag reachtáil ar an t-sneachta. Bhí an mhathair thuas ins an tseomra bairr agus í ag amharc amach ar an fhuinneóig agus is é an rud a dubhairt sí gur mhaith léithe ingean a bheith aicí a mbéadh pluca uirthí comh dearg le fuil an phreacháin, croiceann comh geal leis an t-sneachta agus
gruaig comh dubh le na chuid cluimhrigh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc ins an bhomaite a rinne sí an smaointeadh sin tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall