Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)

Suíomh:
An Mhín Mhór, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraic Ó Breisléain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 15

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 15

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhín Mhór
  2. XML Leathanach 15
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear a bhí ann fad o shoin. An t-ainm a bhí ar fhear aca Cruit íochtarach, agus Cruit uachtarach a bhí ar an fhear eile. Chuaidh Cruit íochtarach amach ar uair a dó dhéag oidhche Éarraigh a chuartú éadalacha thart fá'n chladach.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    an tosaigh go dtí go dtainig sé fhad le binn. Bhí sé n-deas daobhtha san am. Bhí siad ag ceol go h-árd ach ní rabh ins an amhrán ach dhá fhocal “Dia Luain agus Dia Máirt”. Dfoscail doras ar an bhinn. Cuirfeadh fáilte roimhe an cruit iochtarach agus fuair sé cuireadh teacht isteach go Caisleán na binne. Bhí croidhe laidir aige. Níor chuir sé suas leis an chuireadh. Shiubhail sé isteach gan bród gan cotadh. Chuir siad roimhe fáilte in a ainm agus in a slainneadh. Thug siad dó párdóg agus d’iarr air suidhe síos. Nuair a bhí seisean in a shuidhe ar an phardóig, d’éirigh siad uilig na seasamh, agus thoisigh an ceol. Chuir siad céist ar an chruith íoctarach an dtiocfadh leis focal eile a chuir sán amhrán a d’óirfeadh dó agus dheánfadh é níos fhuide. D’éirigh sé in na sheasamh agus dubhairt sé leo go dtiocfadh leis. Chuir sé isteach an focal a rinne é na bfhuide agus a d’fhóir dó “Dia Céadaoine”. D’fóir seo i gceart dó’n amhrán. Chluinfeá iad ins an domhan thoir ag garaidhe lé luthgháir agus lé bród as an focail a chuir an Chruit íoctarach isteach san amhrán. Dubhairt siad leis annsin dhath ar bith a d’iarrfadh sé ortha a dhéanamh dó, go ndeánadh siad é agus fáilte. D’éirigh sé in-a sheasamh agus dubhairt sé leo gur mhaith leis iad an chruit a bhaint dó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0503: The Gifts of the Little People
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Méadhbha Ni Gallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhín Mhór, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Aodh A Gallchobhair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Mhín Mhór, Co. Donegal