Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní bheadh sé thaomtha aige.
Ach ins an deireadh cé tháinig isteach ach nighean an Ríogh agus thug sí amach meascáin as pota agus thaom sí an tobar le trí lán na meascán. Annsin d’innis an giorsach don stocach go rabh uibh ar thóin an tobair agus gur sin an uibh a bhí le h-athair a mharbhuigheadh. Thug an gasúr an uibh amach as an tobar agus chuir sé ina phóca é. Tháinig an Rí an lá seo ní ní ba luaithe na tháinig sé lá ar bith eile nó shíl sé cinnte nach mbeadh an tobar glan aige, agus go bhfuigheadh sé leath-sgéal lé é a chuir un bais. (A) Nuair a tháinig an Rí chuir sé ceist ar an stocach an rabh an tobar glan aige. Dubhairt an stocach go rabh.
“Siubhail leat go bhfeicidh tú é” arsa an stocach. Nuair a tháinig an bheirt go dtí an tobar, bhí iontas mór ar an Rí an tobar a fheiceail glan. “An dtaitnéan sé leat? ars’n stocach leis an Rí. “taitnean” ars’n Rí.
Annsin chraith an stocach an bhratóg a bhí aige agus líon an tobar mar bhí sé ariamh.
“Go h-Ifreann leis an te a chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padaí Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Donegal