School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá bearrach le bheith tíos i dtóin Innis-Eoin. Ní bheidh sé duirtha coidhche, agus an oidhche seo ag an meadhon-oidhche, cluinfhear í ag búithrí. Iarrfaidh an t-athair ar an mac is sinne ghabhail amach, ní racaidh sé. Iarrfaidh sé ar an tríomadh mac ghabhail amach, Rachaidh seisean amach, agus béidh a bolg ag cuir thar na druim a nídh réidh le réabadh agus a bhéal bán le cabhair.Tiocfaidh se isteach agus innseochaidh sé seo, do na athair. Deirfidh seisean go bhfuil long ar seachrán ar Loch Suilighthe agus a dhul agus iad a threorughadh an bhealach ceart. Tá bean ruadh le bheith posta thíos i dtoin Ranna Fearsde, agus ar maidín le dearg a' dá néal téidhfidh sí na bádaí caola dubha teacht isteach. Tá sí le iarraidh a tabhairt ar na cnuic, agus scéala a thabhairt do achan dhuine is feidir leithe. Leanfaidh na daoine í go ball-bán, poll cró bheithe. Nuair a thiocfas na saighdiúiri fad leobhtha, tuitfhidh an ceannphort í ngrádh le cailín ruadh, a bhéas ina measg, agus iarrfaidh sé ar na saighdiúrí dhul thart an bealach eile.Caithfidh na mathrachaí dhul amach agus na páistí a fhágail na luighe 'sna cliabháin, tiocfaidh na Sasanaigh isteach agus beidh na paistí ag gairidhe agus ag cuideachta leo, agus bhí truaighe aca in a croidhe daobhtha.(continues on next page)
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal