School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch an Iubhair
- XML Page 336
- XML “Fear Mhachaire Gathlán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)taoibh. Shiubhal sé leis suas o’n léana. Le sin chualaidh sé an uaill ghéibheannach i bhfad uaidh. Shiubhal sé suas giota beag eile. Le sin ‘tchí sé an tarbh míre ag tarraingt air ar chosaibh i n-áirde. Tharraingt sé ar an bhothoigh comh gasta agus thiocfadh leis. Ní rabh sé ag doras na bothoige, go rabh an tarbh thuas ar cheann na bothoige, agus achán léimh míre aige ‘na mhollach ‘ghá bhriseadh isteach. “A bhal”, ar seisean leis fhéin; “tá sé lán comh maith agam-sa a bhéith marbh amuigh le a bhéith marbh istuigh”, a’s thug sé a’n léimh amháin amach is tharraing ar an churach. Comh luath is bhí an curach ar an uisge aige-san: bhí curach eile ar an uisge ag an tarbh. D’imthigh an rasa. Aréar mar chualaidh mé iad ag rádh níor tharraing Eoghainín Shéarlais aríamh mar tharraing fear Mhachaire - gáthlán an mhaidean sin. bhí an tarbh ag congbhail ins an tóin aige ar fad.
Nuair a tháinic an fear ‘fhad le cladach Mhachaire - gáthlán níor fhan sé leis an churach a tharraingt isteach ‘na dhiaidh acht déanadh ar an bhaile comh géar gasta agus thiocfadh leis. Ba mhaith aríamh an rása go dtí seo. Bhí an tarbh(continues on next page)- Collector
- Proinnsias Óg Mac Gríanna
- Gender
- Male
- Informant
- Proinnsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal