Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)taoibh. Shiubhal sé leis suas o’n léana. Le sin chualaidh sé an uaill ghéibheannach i bhfad uaidh. Shiubhal sé suas giota beag eile. Le sin ‘tchí sé an tarbh míre ag tarraingt air ar chosaibh i n-áirde. Tharraingt sé ar an bhothoigh comh gasta agus thiocfadh leis. Ní rabh sé ag doras na bothoige, go rabh an tarbh thuas ar cheann na bothoige, agus achán léimh míre aige ‘na mhollach ‘ghá bhriseadh isteach. “A bhal”, ar seisean leis fhéin; “tá sé lán comh maith agam-sa a bhéith marbh amuigh le a bhéith marbh istuigh”, a’s thug sé a’n léimh amháin amach is tharraing ar an churach. Comh luath is bhí an curach ar an uisge aige-san: bhí curach eile ar an uisge ag an tarbh. D’imthigh an rasa. Aréar mar chualaidh mé iad ag rádh níor tharraing Eoghainín Shéarlais aríamh mar tharraing fear Mhachaire - gáthlán an mhaidean sin. bhí an tarbh ag congbhail ins an tóin aige ar fad.
Nuair a tháinic an fear ‘fhad le cladach Mhachaire - gáthlán níor fhan sé leis an churach a tharraingt isteach ‘na dhiaidh acht déanadh ar an bhaile comh géar gasta agus thiocfadh leis. Ba mhaith aríamh an rása go dtí seo. Bhí an tarbh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Gríanna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall