Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 47

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 47

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 47
  3. XML “Fear as Gaoth Beara agus Bean as Rann na Feirste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Ní maith ar bith do dhuine ar bith eile, caidé atá ar sliabh aige," arsa fear an toighe. "Níl bólacht ar bith agam-sa ach cúpla bó ins an bhóitheach le braon bainne a fhághail a ólas muid leis an bhrachán agus bealthadh ime le cur ar ar gcuid aráin. Ach tá neart annlain ins an tráigh ag bun na páirce againn, agus tá neart leas ag fás anns an chladach againn fá choinne ar gcuid preataí a leasughadh. Ar an adhbhar sin," ar seisean, "ní; bólacht ar bith le fághail uaim-se."
    Thaitin an bhean leis an fhear óg agus ní imtheóchadh sé gan í. Pósadh iad ar maidin lá thar na bhárach agus chaith siad bainfheis mhór fhada.
    Ba é an chiall a bhí ag fear Ghaoth Bearra go raibh sé féin iongantach deágh chainnteach. D'éirigh sé ar maidin agus fuair sé a bhricfeasta. D'ith sé a sháith de na corra agus annsin tharraing sé amach a phíopa. Bhí an tsean-bhean ag déanamh oibre an toighe. Shuidh an fear ins an choirneal agus rinn an bheirt aca an rann seo.
    An fear:
    Tobac indiaidh bídh
    As ar bhean a' toigh' sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall