School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuartughadh ar feadh thrí lá ach ní ribh maith ann. Seacht mbliadhna ó'n am sin thug an sagart amach go mbéadh éisteacht ins an teach sin. Nuair a bhí na daoine uilig cruinn agus an sagart ag léigheadh an Aifrinn thuit deor fhola ar an tábla. D'amharc an sagart suas go bhfeicfeadh sé cá raibh an fhuil ag teacht as agus thuit dhá dheor eile anuas ar an tábla. D'iarr an sagart ar cheathrar fear ghabháil amach go bhfeicfeadh siad goidé bhí ann. Chuaidh ceathrar fear amach agus thóg siad an toighe agus goidé a fuair siad ach corp an ghasúra a bhí caillte le seacht mbliadhna. Thug siad isteacht é agus d'fhág siad 'na luighe ar an tábla é. "Ó m'anam in mo leanbh atá caillte le seacht mbliadhna" arsa an mháthair. Scairt an sagart trí h-uaire ar an ghasúr. Ar an tríomhadh scairt d'fhoscail an gasúr a shúla. "Cá raibh tú leis an chead scairt a rinn mise ort?" arsa an sagart. "Bhí mé ins na flaithas" arsa an gasúr. "Cá rabh tú leis an dara scairt a rinn mé ort?". "Bhí mé ag teacht amach ar giofta na bhflaithas" arsa an gasúr. "Cá rabh tú leis an tríomhadh scairt?" arsa an sagart. "Bhí mé ag tarraingt ort" arsa an ghasúr. "Cé mharbhuigh tú agus d'fhág tú thuas as cionn na fuinneoige thú?". "Tá, mo leas-athair" arsa an gasúr, "a mharbhuigh mé nuair a fuair sé mo mháthair ar shiubhal 'un tsiopa". Chuir an sagart ceist air cé acu bhfearr leis annseo ná sna flaithis. "Ó" arsa an gasúr, "bhfearr liom ins na flaithis agus mo mháthair a bheith liom"Máire Ní Grianna (Pádraig)
Rann na Feirsde
Aois 90 bliadhain- Informant
- Máire Ní Grianna
- Other names
- Máire Ní Grianna
- Máire (Pádraic) Ní Grianna (local name)
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal