School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 106](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1065%2FCBES_1065_106.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 106
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 106
- XML “Liam na Sopóige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus nuair a bhí Liam réidh d'iarr sé air teacht leis ach nuair a thug an diabhal iarraidh éirghe ní rabh sé ábalta ná bhí sé gaibhte. "Caithfish tú fanacht annsin go scaoilidh mise tú", ars' an gabha agus beidh fanacht fada ort". "Fanóchaidh mé ar shiubhal uait go cionn fiche bliain eile," ars' an diabhal, "má leigeann tú ar shiubhal mé". Thug Liam cean a chinn dó agus d'imthigh sé.
I gcionn fiche bliain phill an diabhal arais agus iomlán a rabh de diabhail beaga i n-ifrionn leis. "Imtheochaidh tú indiu ar scor ar bith", ars'an diabhal le Liam. "Imtheochaidh", arsa Liam, gabhaigidh isteach. Caidé bhí sa doras an bocsa. Nuair a thainic na diabhail isteach ceapadh iad sa bocsa agus ní rabh siad ábalta teacht amach. Chuir Liam an clár ar an bhocsa agus ar seiseann, "ní bhfuigheadh sibh amach as sin a choidhche". "Má leigeann tú cead ár gcinn linn", ar siad-san, "ní thiocfaidh muid fá do choinne a choidhche". Thóg Liam an clár de'n bocsa agus d'imthigh siad uilig.
Ní rabh sé i bhfad na dhiaidh sin go bhfuair Liam bás agus siud suas é ag tarraingt ar na flaithis. Bhí Naomh Peadar ar an gheafta agus d'iarr Liam air a leigint isteach. "Is fada diolta leis an diabhal tú", arsa Naomh Peadar, "agus caithfidh tú gabhail chuige anois". D'imthigh sé ag tarraingt ar ifrionn agus nuair a chonnaic na(continues on next page)- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Other names
- Niall Ó Domhnaill
- Niall (Séimisín) Ó Domhnaill (local name)
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal