School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 122
- XML “Bacach an tSléibhe Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhaile annsin agus níor ghoid sé a dhath an oidhche sin.
An chead domhnach na dhiaidh sin chuaidh sé ‘un aifrinn. Nuair a chuaidh sé isteach bhí cuid mhór daoine istoigh agus bhí an sagart ag léigheadh an aifrinn. Bhain sé de a chóta agus chaith sé ar ghath gréine é agus d’fhan an cótai thuas. Thainic fear eile isteach agus rinn sé an cleas céadna ach thuit a chóta-san anuas. Nuair a chonnaic an sagart seo bhí iongantas mór air. Scairt sé agus d’iarr sé ar an fhear ar fhan a chóta mór ar an ghath gréine, é fanacht istigh indiaidh an aifrinn ná go rabh gnoithe aige leis.
Nuair a d’imthigh na daoine indiaidh an aifrinn d’fhan an bacach istigh agus thainic an sagart chuige. Dubhairt sé leis bhacach gur fear iongantach naomhtha a bhí ann agus go gcaithfeadh sé fanacht anois agus cuideadh leisean an creideamh a theagasc. Dubhairt an bacach go rabh aige le aire a thabhairt do na athair agus do na mháthair ach gheall sé dó go rachadh sé chuige nuair a gheobhadh an tsean lánamhain bás.
Bhog sé leis na bhaile annsin agus é go bréagh sásta. Ní dhearn sé níos mó gaduidheachta agus chuir Dia a sháith aige. Annsin bhí dóigh bhréagh ortha ó’n lá sin go lá a mbáis.- Informant
- Séarlus Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Anagaire, Co. Donegal