School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iad agus bhí dóigh mhaith ortha ó'n lá sin go dtí an lá indiu.
- Bhí bean ann uair agus bhí trúir fear le faghail aici le pósadh. Bhí cuid mhór airgid agus talaimh aici. Bhí an chead fhear na bhúistear; bhí an dara fear na ghréadaidhe agus mac feirmeóra a bhí ins an tríomhadh fear. Ní rabh fhios aici cé acu dé'n trúir a ghlacadh sí agus bhí sí i ndroch-arán. Smaoitigh sí ar chleas oidhche agus í na luighe ar a leabaidh. Chuir sí uirthi éideadh mná boichte agus chuaidh sí i mbráig-riocht mná boichte. D'imthigh sí léithe a chruinniughadh déirce.
Chuaidh sí an chead oidhche go teach an bhúisteara ach ní ró-shásta a bhí bean an toighe lóistín na h-oidhche a thabhairt díthe. Fá dheireadh indiaidh mórán cainnte leideadh isteach í. Nuair a thainic an búistéar isteach chuir sé ceist ar a mháthair cad chuige ar leig sí isteach an sean-rud sin agus bhí sé fá choinne an bhean bhocht a chaitheamh amach ar an chnoc. D'iarr an mháthair air(continues on next page)- Informant
- Pádraic Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Anagaire, Co. Donegal