School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 148
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó leathanach 149
65. Tháinic ceithre cosa isteach agus cos leis,
D'éirigh dhá chois agus bheir sé ar thrí cosa,
Bhuail sé ceithre cosa is bhain sé cos de.
( Madadh a tháinic isteach is cos caorach leis, d'éirigh fear a' toighe, bheir sé ar stól trí gcos, bhuail sé an madadh agus bhain an chos de.)66.Cá mhéad ruball bó a rachadh ó seo go dtí an spéir?
( Ceann amháin dá mbeadh sé fada go leor.)67.Bíonn sé ag siubhal ar cheithre cosa i dtús a shaoghail, ar dhá chois i lár a shaoghail agus ar thrí cosa i ndeireadh a shaoghail.
( Fear;-
Ar cheithre bonnaí nuair atá sé 'na leanbh.
Ar dhá chois nuair atá sé fásta
Agus ar dhá chois agus bata siubhail nuair atá sé 'na sheanduine.)68.Shiubhail mé suas 'na gárraidh
A's casadh orm m'uncal Dáibhidh
Ghearr mé a mhuinéal is d'ól mé a chuid fola
a's d'fhág mé 'na luighe san uaigh é.
( Buidéal uisce beatha)69.Teidheann sé suas ins an aer is tarann sé anuas airíst. Caitheann sé bróga ach níl bróga ar bith air.
( Liathróid)70.Dhá bhó bhuidhe ar chnoc na gaoithe,
ceann sa lá agus ceann sa n-oidhche.
( An ghrian agus an ghealach)
Féach- 147(continues on next page)