School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 153
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tomhaiseanna
1.Rith mé agus fuair mé é; shuidh mé agus chuartaigh mé é;dá bhfaighinn é chaithfinn uaim é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom é. ( Dealg in do chois.)2.Ceathrar 'na rith, ceathrar ar crith, beirt ag déanamh an eolais agus an róibín ar deireadh ( Bó)3. Siúd thall ort é, ní trom leat ort é, ní fuil is ní feoil é, níl a'n bhall in do chorp de.
(D 'ainm is do shloinneadh)4.Chaith mé suas é comh bán leis an tsneachta agus thuit sé anuas comh buidhe le h-ór ( Ubh)5.Lán gárraidh de chaoirigh geala agus caora dearg istigh in a lár. ( Do theanga)6.Ní maith le a'n duine aige é agus nuair ata sé aige ní maith leis é a chailleadh.
(Ceann maol)7.Codluigheann sé san oidhche agus a shúil ina cheann ( Buarach na bó)8.Siúd amuigh é, siúd istigh é, siúd sa chlúdaigh é agus daichead súil air. (Cliathar na reidil)9.Each dubh idir dhá ghleann, má bhogann an t-each bogfaidh an dá ghleann. ( Beathach agus péire cliabh air)(continues on next page)