School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 157
- XML “Seanchainteanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Cainteanna. 13adh lá, Márta 19381. Níl sé ceart ag bean atá indiaidh clainne agus nach bhfuair í fhéin coiscrioca a ghabhail isteach i dteach go bhfaghaidh sí í féin coisrioca. Má théidheann sí isteach deirtear go mbéidh anas agus boichtíneacht sa teach sin a choidhche na dhiaidh sin.2. Níl sé ceart sgáth-fearthanna a fhosgladh istigh i dteach ná é a chur i n-áirde as do cheann mar deirtear go mbeidh corp sa teach sin taobh istigh de bhliain.3. Tochas in do ioscaidí; sin comhartha báis.4. Tochas in do ghaothsan; sin nuaidheacht ná gaothsan briste.5. Tochas i gcroidhe na boise deise; sin crathadh láimhe.6. Tochas i gcroidhe na boise clí; sin comhartha faire ná rún siubhail.7. Ag brionngloidigh ar do mháthair agus í marbh le tamall sin comhartha bróin- do mháthair le brón.8. Ag brionngloidigh ar d'athair agus é marbh le tamall sin cabhair - d'athair le bathair.9. Níl sé ceart ag teachran léim a thabhairt thar dhruim madaidh ná a ghabhail ar a dhruim mar deirtear nach mbíonn níos mó méide ins an teachrán sin.(continues on next page)