School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 31
- XML “Teann, Teann a Ribe”
- XML “An Gasúr agus an Sagart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dearbhrathair go rabh an bhainfhéis thart. Chunntas sí trí chéad punnta dó agus d'iarr sí air a ghabhail na bhaile chuig a athair agus a mháthair. Chuaidh sé na bhaile go bun Sléibhe Sneachta. D'fhán sé ag a athair agus ag a mháthair ó'n lá sin go dtí an lá indiu.Sorcha Ni Grianna (Conall)
Aois 67 bliadhain
Rann na Feirsde - Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí gasúr acu. Albanaigh a bhí ionnta. Domhnach amháin chonnaic an gasúr scaifte gasúr ag gabhail 'un aifrinn agus lean sé iad. Nuair a chuaidh siad isteach bhí an sagart ag seanmóireacht agus dubhairt sé duine ar bith a rachadh 'un aifrinn go rabh casán aimhréidhteach na bhflaithis aige ach duine ar bith nach rachadh 'un aifrinn go rabh casán réidhtigh go h-Ifrionn aige. D'imthigh an gasúr leis annsin. Casadh tobar do agus léim sé isteach ann. Casadh tom aitinne do agus léim sé isteach annsin fosta. Shíl sé go rabh sé ag gabhail na bhflaithis. Sa deireadh chonnaic sé solas i bhfad uaidh. Tharraing sé air comh tiugh géar gasta dó thiocfadh leis. Bhuail sé ar an doras agus thainic bean seirbhise amach. D'fhiafruigh sí de cá rabh sé ag gabhail. Dbhairt an gasúr go rabh sé ag gabhail na bhfalithis. "Cóirigh..."(continues on next page)
- Informant
- Eamonn (Donncadh) Ó Gallchobhair
- Other names
- Eamonn (Donncadh) Ó Gallchobhair (local name)
- Eamonn Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal