School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Feidhlimidh Cam agus Maol MhuireBhí fear ann fad ó shoin ar bh'ainm dó Maol Mhuire agus bhí sé 'na thaoiseach ins na Tuatha. Bhí dúithche talaimh aige agus ní leigfeadh sé do dhuine ar bith seilg ar an talamh ach é féin agus a chuid mac. Bhí fear eile na chomhnuighe ag na thaoibh ar bh'ainm dó Feidhlimidh Cam. Ba ghnáthach leisean a bheith ag seilg ar chuid talaimh Mhaol Mhuire. Lá amháin thainic Maol Mhuire agus rinn sé príosúnach de ar Oilean Thoraigh. D'fhág sé cupla fear agus a mhac féin ar ghárda. Oidhche amháin chuaidh Feidhlimidh Cam go Toraigh agus chuaidh sé go dtí an bhóthóg a rabh a mhac ann. Rinn sé poll ins an cheann agus chuaidh sé isteach. Ní bhéadh bróga ar bith ar na fir ins an tsean aimsir. Bhí sé ladhara ar mhac Fheidhlimidh Cam. Leag sé a lámh ar chosa na bhfear go dtí go dtáinic sé fhad le na mhac féin agus thóg sé é. Annsin chuir sé bréid thart ar bhéal mhac Mhaol Mhuire agus thug sé leis é. Bhí cras mhór ar chadach Ghabhla agus chroch sé mac Mhaol Mhuire uirthi, an áit a dtugtar Cladach na Croiche air go fóill. Annsin d'imthigh sé féin agus a mhac i gcurrach. D'imthighan mac na bhaile agus d'imthigh Feidhlimidh Cam go h-Ailt an Chorráin. Shiubhail sé leis go dtáinic sé go Sligeach. Chuaidh sé ar bhórd luinge annsin agus nuair a bhí an soitheach réidh le h-imeacht ón chéidh chonnaic...(continues on next page)
- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Other names
- Niall Ó Domhnaill
- Niall (Séimisín) Ó Domhnaill (local name)
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal