School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 42
- XML “Iníon an Fhir Uasail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus ní rabh aige ach ingean amháin. Bhí fear ag obair aige ins an ghárraidh agus bhí mac amháin aige. Nuair a chuaidh ingean an fhir uasail na scoile d'fhágfadh an t-athair ins an scoil í le na charr. Ach nuair a bhí sí deich mbliadna d'aois cheannuigh sé carr agus beathach dithe fhéin. Bheirfeadh sí mac an gharrantóra na scoile achan lá agus bheireadh sí léithe na bhaile airíst é tráthnóna.
Mhair sin ar feadh ceithre bliadhna agus annsin fuair an duine uasal amach é agus bhí fearg mhór air. Chuaidh sé chuig fear léigheanta agus d'fhiafruigh sé de caidé a dhéanfadh sé. D'iarr an fear an gasúr a chur a chur 'un siubhail. Chuaidh an fear uasal na bhaile agus d'innis sé ag sgéal do'n ghárrantóir. Dubhairt an gárrantóir nach rabh neart air. Chuaidh sé na bhaile agus d'innis sé an sgéal do'n bhean. Bhí brón mór uirthi-se. D'fhiafruigh an gasúr do na athair cá tuige a gcaithfeadh siad imtheacht. Ach fá dheireadh b'éigean do'n athair innse dó cad tuige a gcaithfeadh siad imtheacht. Cubhairt an gasúr go n-imtheochadh sé fhéin.
Ar maidin thug sé leis bocsa agus a chuid éadaigh bhí iogantas ar ingean an duine uasail nuair a chonnaic sí go luath agus d'imthigh an gasúr. Nuair a thainic sí fhad leis an ghasúr d'iarr sí air a ghabhail isteach sa charr. D'fhiafruigh sí cad tuighe ar imthigh sé go luath agus cad tuighe a rabh an bocsa(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal