School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 67
- XML “An Gabha agus an Gasúr”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na préacháin ag imtheacht ó'n rígh. Annsin scairt an gabha amach go rabh gasúr annseo aige-san a d'inseochadh an sgéal. "Tabhair amach chugam-sa é" ars' an rí agus chuaidh an gasúr chuig an rígh. "Innis do sgéal anois" ars' an rígh agus thoisigh an gasúr.
"Tá dhá bhliain déag ó shoin" ars' an gasúr "bhí droch bhárr ag lucht na hÉireann, d'fhág na préacháin uilig Éire agus thainic siad annseo go Sasain. An bhliain na dhiaidh sin bhí bárr maith i nÉirinn araist agus chuaidh na préacháin uilig na bhaile araist. Chuaidh an chearc na bhaile fosta. Thoisigh an chearc agus an choileach a throid fá'n éan fá cé acu a ba cheart an t-éan a fhagháil. Ba cheart do'n choileach é fhagháil ars' an rígh. Leis sin d'imthigh na préacháin uilig agus d'imthigh siad ag tarraingt ar Éirinn.
Pósadh an gasúr agus ingean an ríogh agus bhí bainfhéis mhór acu. Annsin chuir an rí an gasúr na scoile agus fuair sé foghluim mhaith. Bhí cailín eile ar an scoil leis agus thuit sí i ngrádh leis agus cé bhí innti ach ingean ríogh eile. Chuir ingean an ríogh ceist air an bpósfadh sé í. Dubhairt an gasúr go rabh sé pósta ar ingin ríogh eile mar bhí sé. Bhí fáinne ag ingin an ríogh agus bhris sí é. Chongbhuigh sí féin learh de'n fháinne agus thug sí an leath eile do'n ghasúr. Annsin dubhairt sí cupla focal cainnte leis. Dubhairt sí leis dá dtiocfadh a dhath air a ghabhail chuici, leath an fháinne a thabhairt díthe na focla a rádh léithe agus go(continues on next page)- Informant
- Searlus Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Anagaire, Co. Donegal