School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 70
- XML “An Gabha agus an Gasúr”
- XML “Scéal na nGadaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an ghabha a mhac a bheith aige araist. An lá na dhiaidh sin d'imthigh an gasúr agus ingean an ríogh agus chuaidh an gabha leo. Níor stad an triút acu go rabh siad thall i Sasain afys bhí dóigh mhaith ortha ó'n lá sin go lá a mbáis.
- Bhí beirt dearbhrathrach ar an bhaile seo uair amháin, darbh' ainm Conall agus Pádraic. Lá amháin dubhairt Conall le Pádraic go rabh sé ag imtheacht 'un oileáin úir. Dubhairt Pádraic leis go mbeádh sé féin leis. Dubhairt Conall leis gurbh fhearr dó fanacht sa bhaile ag na athair agus ag na mháthair. D'imthigh Conall agus d'fhan Pádraic sa bhaile. Níor chualthas lá iomráidh air ó'n lá a d'imthigh sé go bhfuair a athair agus a mháthair bás. Annsin dhíol Pádraic an teach agus an áit agus d'imthigh sé 'un Oileain Úir.
Ba é Conall an chead duine a chonnaic sé ar an bhaile mhór agus hata mór dubh síoda air agus fear uasal leis. Chuaidh Pádraic fhad le Conall agus chuir sé ceist in ar aithin sé é. Dubhairt Conall gur aithin agus chuir sé fáilte mhór roimhe. Annsin d'iarr Conall air a ghabhail leisean agus leis an fhear uasal agus go bhfuigheadh siad lóistín dó.(continues on next page)- Informant
- Róise Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal