School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 75
- XML “An Rí agus a Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thart le fear a bhí ag glanadh simléara. Scairt an lear a bhí greamuighthe do'n fhear leis an fhear a bhí ag glanadh an tsimleora theacht agus cuideadh leis fagháil réidhtighthe leis an fhear seo. Thainic sé fhad leis ach níos luaithe a fuair sé greim air ná ghreamuigh sé féin dó.
D'imthigh siad leo giota eile. Nuair a bhí siad ag gabháil thart le teach gárdaí mhothuigh fear de na gárdaí an screadach. Chuaidh sé amach agus chonnaic sé Peadar agus an mhuinntir eile greamuighthe dó. Chuaidh sé fhad leo ach comh luath is fuair é greim ar fhear de na dearaibh ghreamuigh sé féin dó fosta. Thoisigh an gárda a scairtigh ar a bhean. D'amharc sí amach ar an fhuinneóig agus chonnaic sí a fear greamuighthe do'n scaifte. Chuaidh sí a chuideadh leis ach ghreamuigh sí dó.
D'imthigh Peadar leis agus nuair a bhí sé ag gabháil thart leis an bhaile mhór bhí na daoine uilig ag gáiridhe faoi. Bhí fear na chomhnuidhe ar an bhaile mhór a rabh ingean aige. An té a chuirfeadh a gháiridhe í gheibhadh sé í le pósadh. Bhí an fear seo ag amharch amach ar an fhuinneoig agus nuair a chonnaic sé Peadar fágadh marbh leis na gáiridhe é. Chuiahd sé amach agus d'iarr sé ar Pheadar a theacht anall agus seasamh ag an tseomra a rabh a ingean ann agus dá gcuirfeadh sé a gháirdidhe í go bhfuigheadh sé í le pósadh. Rinn Peadar mar h-iarradh air....(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ó Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal