School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 78
- XML “An Cailín Dílis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an gasúr agus an ghiorsach iongantach mór le chéile. Dar leis an mhathair gur cheart dóbhtha an gasúr a chur 'un báis. Lá amháin d'imthigh sí chuig Cailleach na gCearc agus lean an ghiorsach í. Nuair a chuaidh an mháthair isteach d'fhan an ghiorsach amuigh ag an doras ag cúl-éisteacht léithe. Dubhairt an mháthair le Cailleach na gCearc gur mhaith léithe an gasúr a chur 'un báis. D'iarr Cailleach na gCearc uirthi nuair a rachadh sí na bhaile teine mhór a chur síos agus leigint uirthi féin gur chaill sí snathad bheag. Annsin í na páistí a chur a chuartú na snáthaide agus nuair a bhéadh siad ag cuartú na snathaide an gasúr a chaitheamh sa teinidh. Chualaidh an ghiorsach seo agus thug sí sgéala do'n ghasúr.
Nuair a shroich an mháthair an baile rinn sí mar h-iarradh uirthi. Nuair a scairt sí ar na páistí thainic an ghiorsach isteach agus dubhairt sí nach rabh an gasúr le fagháil. Chuaidh sí chuig Cailleach na gCearc an dara lá agus d'innis díthe nach dtearn sé maith. D'iarr sí uirthi nimh a chur in a chuid tae. Bhí an ghiorsach ag cúléisteach léithe an lá seo fosta. Nuair a thainic an mháthair na bhaile, rinn sí an tae agus chuir sí nimh in cuid tae an ghasúra. Chuir sí é féin agus an ghiorrsach 'un tseomra a ól a gcuid tae. Chaith an ghiorsach cuid tae an ghasúra sa teinidh agus rinn sí a cuid féin air. Shíl an mháthair go dtabharfadh an nimh a bhás an t-am seo.(continues on next page)- Informant
- Maighread Nic Ruaidhrigh
- Gender
- Female
- Age
- 37
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal