School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 9
- XML “An Coileach, an Cat agus an Dréimire”
- XML “Baintreach agus Gréasaí Bróg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an dligheadh ortha agus cuireadh i bpríosún iad.Éamonn Mac Ruaidhrigh.
Rann na Feirsde
Feirmeoir
Aois 38 bliadhain - Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní raibh acu ach aon mhac amháin. Nuair a bhí an mac bliadhain d'aois fuair a athair bás agus pósadh a mháthair aríst ar ghréasaidhe bróg. Lá amháin chuaidh a mháthair 'un tsiopa. Nuair a fuair an leas-athair an mháthair ar shiubhal mharbhuigh sé an gasúr. I dteach ceann tuighe a bhí an lánamhain ina gcomhnuidhe. Dar leis an leas-athair gur mhaith an áit folaighthe an corp a chur faoi an trighe?? as cionn na fuinneoige.Nuair a tháinic an mháthair as an tsiopa chuir sí cesit cá raibh an gasúr. "Níl sé ach indiaidh a ghabhail amach ar an doras anois" arsa an leas-athair. "Má gnidheann tusa an tae amharcochaidh mise indiaidh an ghasúra". "Maith go leor" arsa an mháthair. Nuair a bhí an tae déanta chuaidh an bhean amach a scairtigh ar an fhear. Chonniac sí an fear ag teacht agus droch chuma air. Chuir sí ceist ar an fhear cá rabih an gasúr. "Níl sé le fagháil agam" ar seisean. "An raibh sé ar bhfad ar shiubhal sul a dtainic mé?" ar sise. "Ní raibh" ar seisean "nach bhfacaidh tú fá'n doras é ar theacht duit. "Ní fhacaidh" ar sise, "ach cuidigh liom é a chuartughadh". Thosaigh an...(continues on next page)