School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go rabh ach dubhairt CAilleach na gCarc nach rabh. "Bhal" ars an bhainríoghain "cuirfidh mise bean na dtrí súl amach amárach léithe agus beidh fhios agam".
Nuair a bhí na málaí líonta ar maidin lá ar na bhárach cuireadh bean na dtrí súl léithe. Shiubhail siad leo gur casadh crann ubhall ortha agus d'iarr an leas-ingean uirthi ubhall a ithe, ubhal a bhaint agus ceann eile a thabhairt léithe. Dubhairt bean na dtrí sul gur ith sí a sáith ubhlaí sa bhaile. Shiubhail siad leo gur casadh crann sméar ortha agus d'iarr an leas-ingean uirthi an rud céadna a dhéanamh ach dubhairt sise nach ndéanfadh. Shiubhail siad leo gur casadh crann spíonóg ortha. Dhiúltaigh an leas-ingean baint ar bith a bheith aici leis na spíonógaí.
D'imthigh siad leo annsin go rabh siad as coinne an túir. D'iarr an leas-ingean uirthi suidhe síos go gcíorfadh sí a ceann. Dubhairt an leas-ingean gur chíor sí a ceann sul ar fhág sí an bhaile. D'imthigh an leas-ingean go dtí an túr ach lean an bhean eile í. Chuaidh an leas-ingean isteach agus ní leigfeadh sí isteach an cailín eile. Nuair a chonnaic an cailín eile nach leigfeadh sí isteach í chuaidh sí anáirde ar na fuinneógaó agus d'amharc sí isteach ortha. Nuair a bhí an leas-ingean réidh thainic sí amach agus d'imthigh an bheirt acu leo na bhaile.(continues on next page)- Informant
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal