School: Dún Lúithche (roll number 16423)
- Location:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Teacher: Séamas Mac Giollabhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Lúithche
- XML Page 209
- XML “Gleann Nimhe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gleann Nimhe
Seo gleann iomráidteach agus ins an t-samhradh bíonn cuid mhór famairí ag cuartaidheacht fán ghleann seo. Tá sé ina luí eadar an Eargal ar thaobh amháin agus Sliabh Sneachta ar an taobh eile. Tá srúthan ag sileadh anuas fríd an ghleann seo, isteach go Loch Dhún a Lúithche.
Saoilfeadh duine nar dheacair ughdar an ainme seo a shaorthughadh. Tá cupla dóigh air ach níl cinnteacht ar bith leo.
Ba cheart go raibh saighdiuirí dearga na Sasana gnoitheach sa pháirt seo don tír am amháin, agus ní raibh cuid fear na hÉireann na gcodladh ach oiread.
Deirtear go raibh na saighdiuirí dearga abhos ar an ísleacht agus thuas ar an cnoc bhí na ropairí.
Ba cheart gur cuir cosantoirí na hÉireann nimh ins an uisge, gur ól na Sasanaigh é agus gur chur sin deireadh leo.
Trachtann cuntas eile ar eascon nimhe ba cheart a bheith san áit agus a reub creag le na ruball.
Dubhras fosta gur balor agus a shúil neimhe a b'ughdar leis an ainm seo a tabhairt don ghleann seo.
Níl taitneamh ar bith agam ar an mhíniughadh seo, nó tchíthear damh nach bhfuil siad croicneach, ach mar sin féin ní bréag damh-sa iad. Cualaidh mé thall agus abhos na baramhlacha seo.- Collector
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir