School: Dún Lúithche (roll number 16423)
- Location:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Teacher: Séamas Mac Giollabhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Lúithche
- XML Page 210
- XML “An Chéad Chónaí san Áit”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An chéad comhnuidhe san áit
Seo mar chualaidh mé Maighred bean Mhic Gaoith as Gleann Toir nfinn ag tracht ar an cheist seo. Cualaidh sise é uadh na daoiní a chuaidh roimpi agus thug sí damsa é mar leanas:
“ Se an chead duine a tháinig go Dún a Lúithche Seúmas Mac Pháidin. Ba’s na Rosa ioctarach a tháinig siad ó thús.
Nuair a bhí Séumas tamall i nDún a Lúithche tháinig Sasanach anall dar b’ainm Caiptin Gilbert; agus d’iarr sé cead iasgaireachta ar an loch agus thug Seúmas an chead do.
Tháinig sé an darna bliadhain agus d’iarr sé teach an bháid le na shlat iasgaireachta a bheith sábhailte ann, agus an bád le é a bheith amuig ag iasgaireacht
Nuair a phill sé an tríomhadh bliadhain, bhí Séumas agus a bhean ag dul síos go hoileán na Cruite ins na Rossa iochtaraigh leis an geimhreadh a caitheamh ann. D’iarr an Sasanach cead stopadh ins an tseomra mhór agus go gcongbochadh sé teine ann agus go mbeadh sé breag teith ag pilleadh daobhtha aríst. Nuair a phill Séumas ins an tsamhradh ní leigfeadh an caiptín isteach é agus b éigin daobhtha leo síos na cruite aríst. Bhí an áít ag an chauptín dó féin.
Nuair a bhí seilbh na h-áite aige tamall dhíol sé é le fear dar b’ainm an Ruisealach mór.
Deirtear gur fear maith a bhí ann, agus go rabh sé féin agus Lord George Hill dlúth-cheangailte le chéile, i scéamannaí(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Maighread Bean Mhic Gaoith
- Gender
- Female
- Address
- Gleann Tornáin, Co. Donegal