Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 316
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal.‘Fear Beag Ribeach Ruadh agus Sgaibe Beag na nGearbh.’
Bhí fear agus bean ann uair amháin. Bhí mac aca a [rabh]?
Sgaibe Beag na nGearb air. Bhí Gearba air, lá amháin dhubhairt an fear leis an mhnaoi go mbáithfeadh siad é. Dhubhairt an bhean gur mhór an truaighe sin a déanamh leis. Dhubhairt an bhean leis bocsa a déanamh agus é chur isteach ann, lán a thabhairt dó agus é chur amach ‘san fhairrge. Rinn siad sin leis.
Nuair a bhí sé amuigh tamall fada tháinic sé isteach ar thalamh deas tirm. Suidhe sé síos ag dul a ithe an lóin agus chonnaic sé fear beag ribeach ag tarraingt air. Chonghbhuigh sé giota de’n arán fa choinne an fhir. Nuair a tháinic sé go dtí é thug sé giota de’n arán do. Nuair a bhí an t-arán ithte aige, tháinic thart ar sgaibe agus d’innis an fear ruadh do cá h-áit a bhfuigfeadh sé deoch. Thaisbean sé tobar do agus dhubhairt sé leis rithfeadh siad- cé ar bith a bhainfeadh an rása go bfuighfeadh [?] an tobar do féin. Bhain an fear ruadh an rása agus d’ól sé an tobar. Thaisbean sé ceann eile do agus rith [sé]? féin agus d’ól sé é leath an tobair. D’iarr sé ar sgaibe an leath eile a ól. Nuair a bhéadh sé ag ól an uisge a cheann a chur síos ann. Rinn sé sin agus nuair a thóg sé aníos a cheann bhí ceann óir air. Bhí na gearba ar shuibhal de. D’innis sé do, teach a racadh sé ann ar loistín, agus d’iarr sé air dul le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghiolla Bhríghde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard na gCeapairí, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Anna bean uí Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Donegal