School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 055
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann uair amháin dar bhainm Micí Bán 7 bhí sé na chomhnuidhe ar an Chaiseal.”
(continued from previous page)aige goidé mar gheodhad sé amach ca raibh na h-earraidhe ibhfolach. Bhí sé na shuidhe 'na sheomra an oidhche sin ag meabhrú leis, nuair a shiubhal fear isteach agus dubhairt go n-innseochadh sé áit folacham na n-earraidhe, da dtabharfadh sé leith-chéad púnta do. Thug Mici an t-airgead do agus d'iarr an fear air a dhul go roilig athrid ar maidin agus go bhfhuigheadh sé na h-earraidhe taobh istuigh de'n gheata. Chuaidh Mici chuig na siopadóirí agus d'innis daobhtha ca bhfhuighead siad a gcuid earraidhe. Thóg a chuid airgid agus phill na bhaile.
Tamall na dhiaidh sin chuir muinntir na h-Éireann geall le muinntir na h-Albana nach raibh fear acu chomh cliste le Mici. Dubhairt muinntir na h-Éireann go raibh agus socrú an bheirt a thabhairt le cheile imBhaile-Átha-Cliath. Cuireadh na suidhe ag tábla iad a raibh neart bidh agus dighe uirthi. Bhí feól choinín agus feól madaidh ruaidh ar an tábla agus dubhradh ce beith duine acu aba ghaiste a d'aichneochadh an difir idir an dá fheól gur sin an duine ba chliste. Bhí dhá(continues on next page)- Informant
- Antoin Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal