School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 073
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Rugadh 7 tógadh Liam O Brian i mBaile Mhuine i gCo Aontroma.

    (continued from previous page)
    "Tá go maith" arsa an bacach, "ach nach h-iontach nach n-iarrfa dul na bFhlaithis indhiaidh do bháis" "Ó tá sin in am go leór" arsa Liam.
    Tamall na dhiaidh seó thoisigh Liam a' ól arís agus an méid a shaothreochad sé sa lá d-ólfadh sé san oidhche é, go dtí sa deireadh nach rabh leithphighinn fágtha ar thóin a phóca. Lá amháin bhí Liam igcruadh-chas a dhíoghbhail an bhiotailte agus ní rabh fhios aige goidé dheanfadh sé, ach sa deireadh dhíol sé a anam leis an diabhal ar feadh bliain agus lá. Bhí sgoith ama ag Liam ar feadh na bliana ach thainig an lá deireannach agus an diabhal [?]. Chuir Liam fearadh na fáilte roimhe agus d'iarr air suidhe san chathaoir seó. Shuidh an diabhal air an chathaoir agus nuair a thug sé iarraidh éirigh ní rabh sé ábalta. Rinne Liam a shean-gháire faoi agus dubhairt sé go leigfeadh sé amach é, da ngeallfadh sé nach dtiocfadh sé a chomhair feasta. Gheall an diabhal go réidh nó ba chuma leis ach cead a chois a fhághail, agus bhain sé giota do go tapaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Informant
    Antoin Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    Machaire Chlochair, Co. Donegal