School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 089](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1068%2FCBES_1068_089.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 089
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 089
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Fadó shoin ba ghnáthach le Naomh Cholmcille theacht na paraiste seó ó am go h-am.”
(continued from previous page)teach na mna mire ar a a gcasan na bhaile ce casadh ortha ach Columcille. Chuir sé ceist ortha ca raibh siad agus d'innis siad do agus annsin cuir sé cesit ortha an raibh arán ar bith leobhtha agus dubhairt siad nach raibh. Níor dhubhairt Columcille dadaidh ach d'imthigh sé leis. Thoisigh na cailíní ag cainnt eatorra féin ar an cleas a d'imir siad ar Cholum agus shéad na gáirí aca.Le sin fhéin mhothuig siad na málaí ag eirigh iontach trom agus thuit an dá thuirtín amach ar an talamh. I bpreabadh na súil rinnead dhá chloich mhóra de'n dá thuirtín agus tá'n tá chloich sin le feiceail shíos ar thráigh Machaire Chlochair go foíll.- Informant
- Séamas Mac Giolla Bríghde
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Baile an Droichid, Co. Donegal