School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 114
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“D'imthigh Seumas Mac Suibhne as a bhaile seo go Merioca a shaothradh a choda fad o shoin agus dalta go leor da chineal, táisg nó tuairisge ní bhfuaireas uaidh go ceann fada na dhiaidh sin.”
(continued from previous page)comráduidhe domhsa na dhlígheadóir agus béidh se liom anseo chugat mbárach go socreocaidhe muid na gnaithe. Rinne a dochtur agus an dlígheadóir amach eatorra fhéin an tráthnóna sin pighin mhaith do'n airgead bhaint do. Chuaidh siad isteach i seomra an othair agus indiaidh tamall cómhraidh dubhairt an dochtuir go raibh sé go maith aca toiseacht agus an obair bheag bhí idir lámha acu a fhígalt socair. Caidé do pháighe sa arsa an t-othar leis an dochtuir "Ó ní bheidh mise ro chruaidh ort. Déanfaidh céad púnt go leor" arsa seisean Thug Seumas sin do. Caidé do páighe-sa anois arsa seisean leis an dlígheadóir "creidim go ndeánfaidh páighe an dochtura mo sháith-sa fosta" arsa seisean "ní bheidh mé ro dhaor leat siocar gur carad ana mhór an dochtur anseo" Bhí go maith nuair a bhí siadson díolta d'iarr Seumas ortha leitir a sgríobh chuig a mháthair go h-Éirinn agus an chuid eile do'n airgead chur chuicí. Shuidhe an dligheadóir síos agus tharraing chuige peann agus páipear "Caide déarfas mé léithe(continues on next page)- Informant
- Máire Ní g Cionnlaoi
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- An Bun Beag, Co. Donegal