School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 118
  3. XML “Cailleach Órus”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    innse díthe go raibh an scaifde aicí, nach raibh sí ábaálta a sáith thabhairt le h-ithe díobhta agus nach raibh fhios aicí faoi a spéir caidé mar gheobhadh sí amach as an teach iad. Rith isteach chun toighe anois dubhairt cailleach na gcearc léithe agus abair tá Binn Éadair ar theinnidh agus nuair gheobhas tú amuigh iad nach fág rud ar bith istoigh sa teach nach gceangleochadh tú, fear a toighe agus eile ach tú fhéin. Bhí go maith rith bean an ghreásáin abhaile agus nuair bhí sí teacht chóir an toighe thoisigh sí ag sgairtigh amach "Tá Binn Éadar ar theinidh. Tá Binn Éadar ar theinidh. Ó dubhairt an bhean t-sidhe tá ar gcuid páisti agus a bhfuil againn dóighte agus rith sí fhéin agus na cailíní amach ar an doras agus bhí siad ag bun an binne sul a dtug siad fe ndeara an bob a buaileadh ortha. Phill siad arís acht bhí an doras druidthe. fosgal a fhear an toighe arsa siad. Cha dtig liom tá mé ceangailte arsa seisean. D'iarr siad ar chúpla rud eile istoigh fosglodh ach bhí achan rud ceangailte. D'iarr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. hags (~139)
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní g Cionnlaoi
    Gender
    Female