Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)

Suíomh:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Seosamh Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc an Stolaire
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Liam an Dealáin (Willy the Wisp)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ibhfad go dtug an diabhal cuairt air agus dubhairt sé leis bheith réidh le theacht leis seacht bliadhna ón lá sin nó nach rabh sábhal ar a anam anois. D'oibrigh an gabha leis in a cheardchan mar bhí ariamh agus shleamhsuigh an t-am thart go rabh na seacht mbliadhna thuas. Tháinig an diabhal fa na choinne, chonnaic an gabha é agus tarraingt ar an teach acht dheamhan lá buaidhreadh chuir sé air. D'fháiltigh sé roimhe agus dubhairt go mbeadh sé leis gan mhoill acht ba mhaith leis go dtabharfadh an diabhal lán chuidigh do mar bhí sé gnoitheach ag déanaimh cruth beathaidhe agus ba mhaith leis dubhairt sé an obair a chríochnú sul a n-imtheochadh sé leis an diabhal, bhí go maith thoisigh an diabhal a chuidheadh leis. Thug an gabha an t-órd mór do acht nuair a thug an diabhal iarracht í fhágailt (?) na dhiaidh ní raibh sé ábálta. Chuaidh sé ar mire ar fud an toighe acht ní rabh gar ann agus b'éígean do sa deireadh marghadh a dheánamh leis an ghabha agus thug sé spás seacht mbliadhna eile do ar an t-shaoghal do.
    Tháinig an diabhal an tarna h-uair nuair bhí na seacht mbliadhna thuas. Dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Will-o’-the-wisp (~74)
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge