Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Donegal
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig seachtar isteach i Scoilt an Mhór Sheisear, seisear fear agus bean, as Albain a tháinig siad, agus thainic siad i gcurrach, agus bhí siad marbh. Bhí mac baintreabhaigh ag buachailleacht bó thiar ag an scoilt seo. D’imtheochadh an t-eallach uaidh achán lá, agus san tráthnóna thiocfadh siad chuige arais. Tráthnóna amháin, tainic sé na bhaile leis an eallach agus an oidhche sin cuir a mhathair ceist cé n-áit a rabh an t-eallach ag ithe, nó go rabh cuid mhór ithte aca, dubhairt sé nach rabh fios aige, acht go n-imtheochadh siad uaidh achán lá, agus nach rabh fios aige cá h-áit a rachadh siad. D’iarr sí air iad a leanstan an chead lá eile. D'imthigh sé lá thar na mhárach agus lean sé an t-eallach. Chuaidh siad síos í Scoilt an Mhór Seisear, agus chuaidh seisean síos ná ndiaidh, agus chonnaic sé currach thíos, tiompuighthe ar an tráigh, agus tharraing an t-eallach air, agus sheasuigh seisean ag amharc ortha. Chuaidh siad síos, agus thoisigh siad ag lighe na ndaoiní a bhí istoigh ann. D’imthigh sé annsin fá coinne daoine eile, agus thug siad leóbhtha annsin iad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann