School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 406
- XML “An Seirbhíseach Girsí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mharbhadh.
Bhí an bhean seo iongantach olc dí agus ní leigfeadh sí dí a h-urnuighthe a rádh maidin ar bith. Acht nuair a bheadh an ghirrseach seo ag déanamh tinnthireachta an toighe, ní stadfadh sí acht ag síor radh an urnuighe (ná na h-urnuighthe) a d'fhoghluim a máthair dí nuair a bhí sí beag.
Nuair a chuaidh an ghirrseach a luighe an oidhche sin agus nuair a mheas an bhean go rabh sí ina codhladh, d'iarr sí ar an mhac a badh sine a dhul go dtí an leaba agus í a mharbhadh.
Ní luaithe a d'fhosgail sé an doras ná chonnaic sé aingeal, agus claidheamh agus solas aige ag siubhal aníos agus síos ag taobh na leabtha. Tháinig eagla air agus d'imthigh sé agus d'innis sé do na mháthair é.
D'iarr an mháthair ar an dara mac í a mharbhadh acht nuair a d'fhosgail seisean an doras chonnaic sé dhá aingeal agus claidheamh agus solus i láimh ceachtar aca. Sgannruigh seisean fosta agus d'innis sé do na mháthair caidé thárlaidh.
D'iarr sí ar an tríomhadh mac a dhul agus í a mharbhadh agus nuair a d'amharc seisean ag taobh na leabtha, chonnaic sé trí aingeal (trí haingle) agus claidheamh agus solus i láimh gach aingeal aca, agus iad ag siubhal ag taobh na leabtha. Tháinig eagla airsean fosta, agus d'imthigh sé agus d'innis do na mháthair caidé a chonnaic sé.
Sin mar shábháil an urnuighe ar an bhás í.- Collector
- Anna Nic Aodhacháin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Chorrmhín, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic Gharbhaigh
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- An Ghlaisigh, Co. Donegal