School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 435

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 435

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 435
  3. XML “Scéal - An Fear a Chuaigh a Dhíol an Beathach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mharbh sé í. Chuir an muinntir eile an tsean-bean ag chuir siad an fear seo ar a h-uaidh. D'imthigh an fear agus an muinntir ina dhiaidh. Bhí bad ag fágáil céidh Mhachaire Rabhartaigh agus léim sé uirti agus marbh sé an captín agus chuaidh sé féin ina áit go dtí gur sroich sé na h-Indicheacha Thiar. Cuir sé captín eile ar an bhád agus chuaidh sé féin chuig an righ agus diarr obair air.
    Dubhairt an rí go rabh sé ag deanamh caisleán úr agus an mhéid a dhéanamh sé 'san lá leigfidh 'san oidhche é. Dubhairt an fear seo go bhfeicfeadh sé cé a bhí a dhéanamh agus shuidh sé amuigh ar an chaislean. Ní raibh sé ibhfad go dtáinig fathach mór thart agus thoisigh sé a leagaint an obair. Thóg an fear seo cloch agus chaith sé an cloch agus marbh sé é agus cur sé i bpoll é. An chéad oidhche eile marbh sé fathach eile. Bhí sé dorca an treas oidhche nuair a chuaidh amach agus bhí an fathach amuigh roimhe.
    Cuir an fathach ceist air an bheith é a mharbh a chuid dearbhrathacha. Dubhairt an fear eile go beith agus go mairbhfeadh sé eisean fosta. Diarr an fathach seo air a theacht leis chun an bhaile agus chuaidh. Rinne siad réidh féasta mór agus dith 'ach a'n duine a shaidh. Dubhairt an fear seo go rabh barraidheacht ithte aige agus géar sé croiceann an bheathaigh agus cuid de chuid fheola an bheathaigh amach. Rinne an fathach an rud céadna agus fuair sé bás. Marbh sé matair an fhathaigh fosta agus fuair sé crop mór óir ins an teach. Pósadh é féin agus inghean an ríogh agus bhí doigh bhreagh air o sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Mícheál Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    42
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal