School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gáire mór agus chonnaic Diarmuid an dulagán a bhí thios ar thón a gháile.
D’iarrfaidh Diarmuid do goidhe fádh a gháire agus dubhairt seisean go rabh plaic de fheóil maith dul a beith aige. Maise arsa Diarmuid tá mise ábalta an tuisge a faisg amach as na clocha glasa chan amhain tusa ag dul mo mharbhadh. Má’s sin mar tá arsa’n fáthach bhéarfaidh mé loistín na h-oidhche duith anocht.
D’imthigh siad go teach an fháthach agus nuair a sroich siad an teach bhí an oidhche ann. Thug Seán chailleach a bhí ina comhnuidhe ag an fáthach a shuipeár do agus d’iarr air a dhul a luighe agus chuaidh.
Nuair a mheas an fáthach go rabh sé ina chodhlaidh thug sé leis an tórd mór agus chuaidh go dtí an leabaidh. Nuair a chuaidh Diarmuid go dtí an leabaidh cuir sé giota de chrann ann agus luigh sé fhein faoi’n leabaidh. Nuair a bhuail an fáthach an chead bhuile leig Diarmuid osna agus bhuail an fáthach dhá bhuaile eile air agus leig Diarmuid dhá oana eile as.
Nuair a d’éirigh Diarmuid ar maidin chuir an chaileach ceist air ar chodlaidh sé go maith aréir maise arsa Diarmuid chodlaidh mé(continues on next page)- Collector
- Domhnall Mac Giolla Easbuig
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Nic Giolla Easbuig
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal